TAOBH THIAR DE NA CUIRTÍNÍ

​Gaelscoil an Ghoirt Álainn, dé hAoine, 8 Nollaig.

Rith a deartháir Trevor isteach sa seomra agus sheas sé ar an bhféileacháin oíche – an cara is fearr léi.

Nuair a chonaic Elena thosaigh sí ag rith timpeall an seomra ag iarraidh an deartháir a mharú.

``Tar ar ais anseo!'' arsa Elena. Ansin rith Trevor amach sa ghairdín.

Nuair a d'fhéach Elena arís bhí an féileacháin oíche KARA thuas sa chúinne ar an tsíleáil agus bhí cheann difriúl ar an úrlár marbh.

Thug na tuismitheoirí íde béil di mar go raibh sí ag troid le Trevor. ``Ar ais go dtí do sheomra leaba anois!'' a dúirt Mam.

Tá Mam an-cosúil le Daid, agus an beirt acu i gcónaí ag troid.

Tá siad an slachtmhar; i gcónaí ag suí ar chathaoir agus ag féachaint ar teilifís.

Ní dhéanann siad rudaí riamh le Elena ach iad ag iarraidh KARA a mharú. Is fearr leo Trevor.

Nuair a tháinig sí ar ais go dtí an seomra leaba thosaigh Elena ag caint le KARA:

``Cheap mé go bhfuair tú bás. Arís.'' a dúirt Elena.

Ní raibh KARA in ann aon rud a rá léi. Bhog sí na sciatháin. Thuig Elena cad a bhí á rá aici.

Dúirt Elena, ``ba mhaith liom imeacht ón áit seo, níl éinne deas liom''...