Ceardlann Fighting Words in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc

Nuair a tugadh cuireadh do mo rang chuig ceardlann ‘Fighting Words’ i mbliana,  ní raibh mé i bhfad á fhreagairt. Caithfidh mé a admháil nach raibh mórán eolais agam faoin gceardlann í féin, ach amháin go raibh sí le bheith in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh atá suite i Rosmuc i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.  Is anseo ar ndóigh a insítear scéal Phádraig Mhic Phiarais. Bhí sé ar intinn agam rang a ceathair a thabhairt ann ar aon nós go gairid, mar sin thapaigh mé an deis!

Bhí sceitiminí ar na gasúir ar maidin agus muid ag taisteal ar an mbóthar cam casta ón gCeathrú Rua go dtí Rosmuc. Mar is dual do ghasúir, bhí siad ag súil go mór leis an turas ar an mbus, cairde ag iarraidh suí gar dá chéile, milséain á roinnt, cómórtas amhránaíochta idir na cailiní agus na buachaillí, níor thug siad faoi deara gur bóthar é a lúbann agus a chasann gach dara nóiméad!

Shroich muid an t-ionad faoi dheireadh agus chuir Bríd-Treasa Ní Ghaoithín fáilte chroíúil romhainn. Is í a d’eagraigh an cheardlann in éineacht le beirt chúntóirí.

Ní raibh aon am le cur amú agus ar an bpointe chuir an triúr iad féin in aithne don rang. Tugadh lipéad lena n-ainm air do na gasúir agus de réir a chéile shuigh siad ar mhataí ildaite a bhí ar an úrlár.

Chomh luath agus a bhí siad suite mhínigh Bríd-Treasa go raibh uirthi labhairt ar an bhfón le Mrs McConkey, mhol sí dúinn bheith ciúin mar go mbíonn an bhean seo fíor-chantalach go minic. Bhí doras na samhlaíochta oscailte agus na gasúir an-tógtha leis seo. Ar ndóigh bhí muid uilig ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin mbean seo!! Dúirt Mrs McConkey le Bríd Treasa go raibh sí ag súil go scríobhfadh na gasúir scéal agus go mbeadh sí ag iarraidh samplaí den obair a chloisteáil ar ball!!

Bhí Bríd-Treasa faoi bhrú anois, agus d’fhiafraigh sí den rang an raibh aon tuairimí acu maidir le scéal a scríobh. Ar an bpointe crochadh 31 lámh san aer! Ba ghearr go raibh na focail cosúil le ‘carachtar’, ‘plota’ chomh maith le ‘suíomh’ scríofa ar an gclár bán.  De réir a chéile agus i ngan fhios do na gasúir thosaigh Bríd-Treasa ag tarraingt uatha!!

Thug siad ainmneacha ar na príomh charachtair, rinne siad cur síos orthu, cén dath, cén sórt duine/ainmhí a bhí ann agus nuair a bhí níos mó ná tuairim amháin, caitheadh vóta ar na tuairimí, agus scríobhadh an ceann a bhuaigh ar an gclár bán. Thosaigh siad ag caint faoi thús an scéil agus cén chaoi a thosaigh rudaí amach. Is ag an bpointe seo a chonaic mé go raibh na gasúir báite i ndomhan na samhlaíochta agus nach raibh Bríd-Treasa ná a comhghleacaithe, Fearghas Mac Lochlainn agus Máire Treasa Ní Dhubhghaill, in ann coinnéal suas leo!

Fad is a bhí sé seo ar bun bhí Fearghas ar a dhícheall ag tarraingt. I rith an ama bhí sé ag éisteacht go cúramach le tuairimí na ngasúr agus leis na cinntí a tógadh de réir vótála.  Is cinnte gur chruthaigh sé léaráidí áille, tarraingteacha a léirigh a gcuid samhlaíochta. Sa deireadh bhí madra mór ar pháipéar aige, chomh maith le turtar. Ag an am céanna bhí Máire Treasa ag clóscríobh ar nós na gaoithe, bhí a cluasa ar bior ag éisteacht freisin mar bhí uirthi treoir na ngasúr a leanúint, mar shampla bhí litriú ar leith ar an bpríomh charachtar, ‘Peethur’ a bhí ann!

Ní raibh srian ar bith ar shamhlaíocht na ngasúr, bhí na carachtair ag dul ó ‘St. Peethursberg’ go dtí Hawaii, bhí siad faoi uisce agus ós a chionn. De réir a chéile d’éirigh scríobhadh tús an scéil a scríobh ar an gclár bán le cúnamh bríomhar óna gasúir. Ó am go chéile bhí roinnt díospóireachta idir cuid acu maidir leis an scéal, ach bhí Bríd-Treasa in ann an córas vótála a chur i bhfeidhm go paiteanta agus teacht ar chinneadh a bhí sásúil do chuile dhuine. 

Tar éis sos beag agus lón bhí deis ag na gasúir an scéal a chríochnú, shuigh siad le chéile agus thosaigh chuile dhuine acu ag scríobh. Ní raibh gá iad a spreagadh chun oibre, bhí siad thar a bheith sásta go raibh deis acu a stampa féin a chur ar an gcuid eile den scéal!!

Bhí rud amháin eile le déanamh roimh am baile, sé sin glaoch a chur ar Mrs McConkey. Lig Bríd-Treasa uirthi féin go raibh sí neirbhíseach faoi seo, ach nuair a léigh na gasúir cúpla scéal samplach di ón rang bhí Mrs McConkey an- sásta leis an obair a bhí déanta.  D’fhág an rang an cheardlann go luath ina dhiaidh sin agus iad lán le fuinneamh agus féin-mhuinín agus smaointe don chéad scéal eile a bheadh le scríobh acu. Bhí mé ag smaoineamh ar an bPiarsiach ar an mbealach abhaile, nach é a bheadh sásta dá gcloisfeadh sé muid an lá sin, gasúir ag foghlaim agus ár dteanga dúchais lárnach sa phróiseas foghlama !

Siobhán Nic Suibhne
Múinteoir Rang a 4
Scoil Mhic Dara
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
2019