Scríbhneoirí Óga Chois Fharraige i mbun pinn Cuid 2

Bhí ceardlann scríbhneoireachta againn le grúpa ón gcéad bhliain i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe i mí Aibreán. Bhí na daltaí thar cionn ar fad agus chum siad tús scéil iontach! 

Anseo, tá tús an scéil le feiceáil chomh maith le réimse de na deirí a chum na daltaí. 

Tugann muid rogha do dhaoine i gcónaí scéal nua a chumadh más mian leo agus tá scéal amháin nua againn anseo. 

Tréaslaíonn muid leis na scríbhneoirí óga ar fad!

Is féidir na scéalta ar fad a léamh anseo.