An Banana Scanrúil

 

Gaelscoil Mhic Aodha, Bóthar Mhelita, Cill Dara, Rang a 4, Fighting WOrds Chonamara, 7 Bealtaine 2021

Lá amháin bhí Jonathan agus Bella ag déanamh obair bhaile ag teach Jonathan. Is buachaill óg é Jonathan atá aon bhliain déag.

Bhí sé ag ithe doughnut le Bella. Is í Bella a chara is fearr. Tá aithne acu ar a chéile ó bhí siad cúig bliana d’aois.

“Tá na doughnuts seo an-deas, cá bhfuair tú iad?” a dúirt Bella.

“An bácús,” arsa Jonathan.

Nuair a bhí siad ag ithe na doughnuts, thit siad ar an talamh agus chaill siad iad.

Nuair a bhí siad ag lorg na doughnuts, chonaic Jonathan banana agus scread sé.

“Aaaarrrghhhh!”

“Céard a tharla?” arsa Bella.

“Tá banana ann!” a scread Jonathan.

Ansin, rith Daid Jonathan isteach agus é ag caitheamh culaith banana. Bhí sé ag iarraidh Jonathan a scanrú mar Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí sé ag canadh Banana úúú na na.

Ansin, thosaigh Bella ag gáire.

Nuair a bhí Jonathan óg, trí bliana d’aois, bhí banana ar an talamh agus cheap sé go ndúirt an banana go raibh sé chun é a mharú. Ag an am bhí a Dhaid i seomra eile ag féachaint ar scannán agus bhí duine éigin sa scannán ag caint faoi mharú agus cheap Jonathan gurb é an banana a bhí ag caint.

Shocraigh Jonathan an scéal a insint do Bhella…