Bob an Liathróid

Fadó, fadó bhí liathróid ann. Bob an t-ainm a bhí ar an liathróid.  Bhí sé ag iarraidh óir. Bhí sé beo bocht. Níor thaitin ceol ar chor ar bith leis. Aon am a chuala sé ceol ní raibh sé in ann bogadh.  Lá amháin bhuail sé lena chara Mixie. Bhí Mixie ag bogadh chomh mall le sloth mar pheann luaidhe a bhí ann.

“Tá plean agam,” a scread Bob in ard a chinn is a ghutha, “plean chun a bheith chomh saibhir le rí”. “Cad é?” a cheistigh Mixie. “ Tá mé chun …..”   Thosaigh ceol sa chúlra. “Arrghr.. “ a scread Bob. “Is fuath liom ceol!” Níor bhog Bob le haghaidh uaire. “Tá an ceol críochnaithe buíochas le Dia!” a dúirt Bob. Thosaigh sé ag bogadh arís.

Ní raibh Mixie ansin. Thosaigh Bob ag bogadh timpeall. Ní raibh tásc ná tuairisc de Mixie in aon áit. “Mixie cá bhfuil tú?” a scread Bob. Freagra ní bhfuair sé ach macalla a ghutha. “Mixie” a bhéic sé. Chroith sé a chloigeann go mífhoighneach. Tar éis cúpla nóiméad chuala sé scread “Bob!” a scread Mixie. “Mixie” a dúirt Bob. Ghlan sé a scornach.

“Seo mo phlean,” a dúirt sé go bródúil. “Táim chun briseadh isteach sa bhanc agus an t-ór go léir a ghoid.” “Tá tú as do mheabhair, a d’fhreagair Mixie.

“ An gcabhróidh tú liom Mixie, le do thoil?” a cheistigh Bob agus é ag preabadh ar fud na háite. “Tabharfaidh mé aon cheathrú den ór duitse!” arsa Bob. “Go breá!” arsa Mixie agus meangadh gáire ar a aghaidh.

Ar aghaidh leo go dtí an banc. “Táimid anseo,” a scread Bob. Bhí siad ag an mbanc.

Rith siad tríd an poll sa Bhalla. Nuair a shroich siad an ór bhí páscód le cur isteach.

Ceol a bhí ann. “Ná habair!” arsa Bob agus deora ag teacht lena shúile. Is fuath liom ceol. “Fadhb ar bith!” arsa Mixie “Cuir ort do chóta . Chuir Bob a chóta air. Bhí cnaipe draíochta air. Bhrúigh sé an cnaipe. Ní raibh sé in ann aon rud a chloisteáil. Bhailigh sé an t-airgead agus amach leo ar luas lasrach.

Mí níos déanaí bhí pálas ag Bob agus bhí riail amháin sa phálas. Ní raibh cead ceol a sheinnt sa phálas.