Cairde

Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Leitir Móir,, Co. na Gaillimhe, Rang 1,2,3, Fighting Words Chonamara, 17/12/2020

Lá amháin bhí asal ann agus Dan an t-ainm a bhí air.

Bhí an lá go hálainn. Níl aon chara ag Dan.

Bhí Dan brónach agus ní raibh sé sásta.

Ansin tháinig Pegasus anuas as an aer.

“An bhfuil tú ceart go leor?” a dúirt Pegasus.

“Tá brón orm mar níl aon chara agam”.

“Ná bí brónach - beidh mise mar chara agat!”

“Tá mo chroí ar ais le chéile anois” arsa Dan.

Bhí siad ag siúl ar an mbóthar nuair a chonaic siad tarbh.

Bhí adhastar dearg ar Dan...