An Dá Jonathon

Scoil na hAirde Móire​, An Aird Mhór​, Carna​, Co. na Gaillimhe​, Fighting Words Chonamara, 6/3/2020

Lá amháin, bhí siorc mór bán ann darbh ainm Jonathon.

Bhí sé i gcónaí ag iarraidh dul ag imirt gailf, ach bhí faitíos air roimh éisc beaga bídeacha agus bhíodar ina gcónaí ar an gcúrsa gailf.

Ní raibh an oiread sin cairde ag Jonathon mar bhí faitíos air rompu.

Bhí cara amháin aige agus ‘Lil Jonathon a bhí air.

Bhí ‘Lil Jonathon ag iarraidh dul ag imirt gailf le Jonathon Mór, ach chaithfeadh sé dul in éineacht leis.

Lá amháin, chuir ‘Lil Jonathon púicín ar Jonathon Mór agus thug sé ag an gcúrsa gailf é.

Nuair a bhain sé de an púicín, fuair Jonathon an-chrosta agus ní raibh sé cairdiúil le ‘Lil Jonathon níos mó.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, chuaigh ‘Lil Jonathon go dtí teach Jonathon Mór le bouquet rósanna agus dúirt sé go raibh brón air.

“Tá brón orm faoin chéard a tharla.

Bhí mé ag iarraidh dul ag imirt gailf leat, ach bhí a fhios agam nach dtiocfá liom,” a dúirt ‘Lil Jonathon.

“Ba cheart duit fiafrú díom ar dtús,” a dúirt Jonathon, “imigh anois díreach nó gheobhaidh tú iarraidh...”