Díoltas Chruella

Scoil Rónáin, An Trá Bháin, Leitirmóir, Co. na Gaillimhe, Ranganna 3-6, Fighting Words Chonamara

Is mise Cian an husky agus tá mé ag cuardach mo chlann. Lá amháin, thóg Cruella de Vil mo chlann.

Bhí mé brónach, bhí mo chroí briste.

Níl a fhios agam cá ndeachaigh siad ach bhí mé ag dul iad a fháil ar ais.

Bhí mé bliain d’aois ag an am agus tá mé dhá bhliain déag anois.

Ach ar an mbealach chun mo chlann a fháil, ghortaigh mé mo chos agus sin an áit a bhfaca mé mo chara, Bruce.

Dúirt mé leis céard a tharla agus dúirt sé go mbeadh sé in ann cúnamh a thabhairt dom mo chlann a fháil ar ais…