Eachtra mór Joe agus Cracker

St Patricks NS, Chapelizod, Rang a 4, Fighting Words Chonamara

An t-earrach a bhí ann. Bhí sé a hocht a chlog ar maidin agus ní maith le Joe an t-earrach.

Nuair a bhí sé ina dhuine fuair sé bás san earrach. Bhí sé fós sa leaba ag féachaint amach an fhuinneog.

Go tobann, cheap sé go bhfhaca sé a chara Cracker ag eitilt trasna na fuinneoige.

Bhí cat ag rith ina dhiaidh. Bhí eagla ar Joe agus lig sé béic.

Dúirt sé,”Tar anseo, Cracker!”

Bhuail Cracker a sciathán in aghaidh na fuinneoige. Thit sé ar nós na gaoithe.

Tháinig Cracker isteach tríd an fhuinneog agus rith an cat abhaile.

Nuair a bhí Joe ag tabhairt aire do Chracker, bhí siad ar an idirlíon ar an bhfón ag féachaint ar laethanta saoire.

“Ba mhaith liom dul go dtí na Bahamas,” a dúirt Joe an Creatlach.

Bhí sceitimíní ar Chracker. Dúirt sé, “Tá dhá thicéad fágtha ach níl go leor airgid againn….”