Scoil Shéamais Naofa, Bearna, Co. na Gaillimhe, Rang 3 & 4, Fighting Words Chonamara, 05/02/21
Chuaigh Ali an Cailín Beag agus Spoke an Madra go dtí an choill. An geimhreadh a bhí ann.
Bhí Ali agus Spoke ag iarraidh clann. Bhí sé an-fhuar sa gcoill. Nuair a bhí siad ag siúl sa gcoill, chonaic siad fear darb ainm Big Bill.
Bhí páirtnéir ag Big Bill agus Jim an Pea an t-ainm a bhí air.
“Táimid fuar agus táimid ag iarraidh teach.
An féidir linn dul abhaile libh?” a dúirt Ali le Big Bill.
“Tá cead agus tá clann againn freisin!” a dúirt Big Bill.
“Tá crannchur ann darb ainm Babacoundae agus is féidir milliún euro a bhuacaint.”
Bhí scanradh ar Spoke mar ní raibh sé cinnte faoi Big Bill.
“Níl mé cinnte faoi seo, Ali,” a dúirt Spoke.
Ansin, chas Ali timpeall agus dúirt sí leis an bhfear, “Níl muid ag iarraidh airgead, níl muid ach ag iarraidh clann...”