Emily Browne agus na Trí Ainmhí Robo

Scoil Naithí, Baile an tSaoir, Baile Átha Cliath, 16, Rang a 6, 13 Eanáir 2022

“Aaaa!” a scread Emily Browne agus í ag rith ón Robo Cat. Bhí sé á leanúint mar gur thóg sí an chocolate croissant a bhí aige.

Thosaigh an scéal seo nuair a fuair Emily paicéad.  Istigh sa phaicéad bhí Jamal Jefferson, an Tríú Robo Hamstar. 

Bhí cruth air cosúil le liathróid istigh sa phaicéad agus bhí sé istigh i roth hamstair.  Bhí sé tar éis a bheith ar laethanta saoire agus bhí sé tagtha ar ais.

Bhuail Emily leis an hamstar nuair a bhí sí i Rang a 1 ar scoil.  Bhí eagla ar Jamal Jefferson an Tríú Hamstar agus rith sé ar shiúl.  Rith sé mar chonaic sé Treylus an t-iasc.

Bhí scanradh ar an hamstar mar go raibh Treylus an-mhór agus bhí fiacla móra aige.  Bhí dhá chos faoi!

Bhí Emily Browne ag iarraidh Jamal Jefferson an Hamstar a fháil ach thóg an cat é. 

Ansin rith an cat agus lean sí é.  Tagann Treylus an t-iasc chun cabhrú léi. 

Itheann Treylus an cat. Ach ansin tagann an cat ar ais ón mbás agus gabhann sé Treylus.   

“Mar a dúirt mé, tá mé chun thú a ithe,” a dúirt an cat…