An Fear a bhí ar Iarraidh

Scoil Mhuire, Mount Sackville, Séipéal Íosáid, Baile Átha Cliath, Rang a Cúig, Fighting Words Chonamara, 26 Feabhra 2021

Is mise Florence. Tá mé dhá bhliain déag d’aois. Tá gruaig dhonn, fhada orm agus tá súile gorma agam freisin.

Tá comhlacht bleachtaireachta agam féin agus ag mo chara Ella.

Is rún é mar níl muid ag iarraidh go mbeidh a fhios ag ár dtuismitheoirí faoi.

Is páistí ar fad atá sa chomhlacht bleachtaireachta.

Tá cás amháin gur mhaith liom a réiteach mar ní raibh aon duine in ann é a réiteach riamh.

Is é an cás ná go gcaithfimid Mark an príosúnach a d’éalaigh ón bpriosún a aimsiú.

Tá go leor leideanna ann, a thugann ar ais muid go dtí mo chomharsa béal dorais.

Bhí rud éigin amhrasach i gconaí faoin mo chomharsa beal dorais.

Tá go leor cásanna casta feicthe agam agus mé i mo bhleachtaire ach seo an cás is casta fós...