Frog McFrog, an gadaí beag

Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Rang a 3, Fighting Words Chonamara, 11/03/21

Lá amháin sa tSín, i dteach bambú Leamhnachaín chonaic Leamhnachaín go raibh Frog McFrog ag an doras.

Chuaigh Leamhnachaín i bhfolach thuas san áiléar. Bhí Fionn an pterodactyl ag eitilt thuas san áiléar, bhris sé na soilse agus léim Wolfie an Husky ar Fhionn.

Fuair Leamhnachaín gunna beag ach d’ith Frog McFrog é agus thosaigh siad ag troid.

Sciob Frog McFrog an bambú uilig sa teach.

Chuaigh Leamhnachaín, Wolfie agus Fionn ar thuras le tuilleadh bambú a fháil …