Kai agus Liam an Liopard

Scoil Sailearna, Indreabhán, Rang a 2, Fighting Words Chonamara, 12 Márta 2021

Bhí buachaill amháin ann agus an t-ainm a bhí air ná Kai. Ní raibh sé ag iarraidh tada sa domhan ach Xbox.

Bhí sé scanraithe roimh nathracha nimhe. Is breá leis liopard, mar tá cara liopard aige.

Ach lá amháin, chuaigh sé go dtí Siopa na nAinmhithe le haghaidh liopard eile a fháil dá chara Liam liopard.

Chonaic sé nathair nimhe agus thit sé i laige. Chonaic a Mhama agus a Dhaide é agus thug siad é go dtí an t-ospidéal.

Fuair sé tinn agus chuaigh sé abhaile tar éis cúpla lá.

Tháinig Liam Liopard ar cuairt agus léim sé suas ar an leaba agus thug sé barróg dó.

Thug Liam Liopard bronntanas dó.

Tháinig Mamó agus Daideó ar cuairt agus thug siad barróg an-mhór dó.

D’ith siad dinnéar agus tar éis an dinnéir, d’oscail sé bronntanas Liam Liopard agus Xbox a bhí ann.

Agus ansin bhí siad ag spraoi ar an Xbox an lá ar fad.

Ansin dúirt a Mhama agus a Dhaide leis dul amach taobh amuigh agus chuaigh sé ar shiúlóid síos an bóthar.

Chonaic sé an leaid seo agus dúirt Kai, “An bhfuil tú ag iarraidh a bheith mar chara agam?”

“Tá...”