An Lá a bhí ag Judy agus Jeaic

Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, Rang a 4, Fighting Words Chonamara, 10/03/21

Lá amháin deas bhí bó sa ngarraí. Bhí an bhó ag ithe féir. Judy an t-ainm a bhí uirthi. Ní raibh sí sásta mar ní raibh aon chairde aici..

Ach lá amháin chonaic Judy, Jeaic an luch sa ngarraí. Tháinig an feirmeoir le bia agus bata aige.

Dúirt Judy le Jeaic dul agus cleas a imirt ar an bhfeirmeoir mar ní raibh an feirmeoir chomh deas sin!

“B’fhéidir go mbeadh an feirmeoir in ann titim isteach sa bpuiteach?” a dúirt Jeaic an luch.

“Sin plean iontach!”, arsa Judy.

“Tá sé ‘teacht, tá sé ‘teacht!” arsa Jeaic….