Scoil Naomh Pádraig, An Chloch Bhreac, An Fhairce, Co. na Gaillimhe, Rang 3, 4, 5, 6, Fighting Words Chonamara, 13/2/2020
Uair amháin fadó sa gcoill dhraíochta, bhí leipreachán ina chónaí i dteach crainn.
Liam an t-ainm a bhí air. Bhí draíocht aige. Bhí gruaig rua air agus bhí hata mór glas air a bhí rómhór dá cheann.
Bhí culaith ghlas air agus bróga móra dubha le búclaí óir agus bhí siad casta suas ag a mbarr.
Bhí cara an-mhaith aige darbh ainm Biwwy. Buachaill a bhí ann, crazy ninja a bhí in ann gleacaíocht a dhéanamh.
Lá breá gréine a bhí ann. Bhí Liam ag léamh leabhair faoi chócaireacht.
D’airigh Liam na crainn ag bogadh agus bhí faitíos air mar sin, chuir sé glaoch ar Bhiwwy…