Licker Díghalrán Láimhe 2.0 (50 Shades of Germigel)

Scoil Iognáid Rís, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí, Rang a 6, Fighting Words Chonamara, 13/10/2021

Bhí Germigel ina shuí ina Chaisleán Clan Leibhéal 6.

Bhí Dimitri de Marcus 3 sa Town Hall Leibhéal 14.

Chuaigh Germigel go dtí an siopa agus cheannaigh sé moncaí.

Bhí an moncaí traenáilte sa Bhearic Leibhéal 15.

Chruthaigh Germigel arm ollmhór as elixir a fuair sé ó bhailitheoir elixir Leibhéal 14.

Ghoid sé 200,000 píosa óir. Ansin, chuaigh Germigel go dtí an bearbóir agus fuair sé waves.

D’oibrigh an moncaí amach go raibh 200,000 píosa óir in easnamh agus déanadh íobairt de.

D’ith Dimitri de Marcus 3 an moncaí marbh agus thosaigh sé Cogadh Clan le Germigel.

Rith Germigel go dtí an Bhearic agus thraenáil sé 15 P.E.K.K.A ag Leibhéal 5.

Ansin, bhí siad ag ithe feileacáin.

Bhí na P.E.K.K.A-anna ag braithstint breoite agus chuaigh Dimitri de Marcus 3 agus Germigel ar bhád agus chuaigh siad ar fad amach ar Builderbase Island.

Dúirt Dimitri de Marcus 3 le Germigel, “Cad é an t-oileán ait seo..?”