Lucy agus na bananaí

Scoil Chnoc na Naomh, Doire Chonaire, Gort a' Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, Rang 5 & 6, Fighting Words Chonamara, 20 Deireadh Fómhair 2021

Lá amháin fadó, fadó, fadó bhí Lucy agus Jeb an moncaí ag súgradh sa pháirc. 

Tháinig gaoth láidir agus tháinig tornado.  Chonaic siad bananaí istigh sa tornado.

Thosaigh Jeb an moncaí ag rith go dtí an tornado fá choinne na bananaí ar fad a fháil agus bhí Lucy ag rith ar shiúl mar ní raibh dúil aici sna bananaí.

Bhí ar Lucy Jeb a fháil agus bhí uirthi dhul isteach sa tornado.

Chonaic siad carr agus chuaigh siad isteach sa charr, agus bhí mála mór bananaí ag an moncaí istigh sa charr.

Dúirt Lucy le Jeb na bananaí a chur i bhfolach, ach ní raibh Jeb sásta.

Ní raibh siad ábalta teacht amach as an tornado agus fuair sí greim ar láimh s’aige agus d’imigh siad go dtí an áit a raibh sí ag iarraidh a dhul.

Nuair a dúirt Lucy le Jeb na bananaí a chaitheamh amach, chuir Jeb ceann i gcóta s’aige, ach bhí nimh sa bhanana sin. 

Rinne Dinobug an nimh a chur sa bhanana…