Mohammad agus an Superbowl

Scoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe, Rang 6, Fighting Words Chonamara, 12/2/2021

Lá amháin, bhí fear mór ann darbh ainm Mohammad. Ba fhear é a bhí ceithre throigh agus dhá orlach ar airde.

Bhí go leor cairde aige. Bhí sé ina chónaí istigh i bpoll.

An cara is fearr a bhí aige ná Geoffrey, ach ní raibh Geoffrey cairdiúil leis (mar go raibh matáin níos mó ag Mohammed ná a bhí aige féin.)

Ghlaoigh siad “An Fear Mór” ar Mhohammad mar go raibh matáin mhóra aige.

Ní raibh ach tallann amháin aige - peil Mheiriceánach. Ní raibh sé ach ag iarraidh rud amháin ó bhí sé óg; an Superbowl a bhuachtáil.

Bhí a Mhama bossy agus ní ligfeadh sí dó peil Mheiriceánach a imirt.

Bhí air dul ag an scoil chun jab mór a fháil, seachas post a bhaint amach mar imreoir pheil Mheiriceánach.

Bhí sé ag obair ag an scoil mar mhúinteoir, ach ní raibh sé go maith aige.

Tá plean aige, le dul taobh thiar de dhroim a Mhama agus imeacht le bheith ina imreoir pheil Mheiricéanach...