Scoil Náisiúnta Thír an Fhia, Leitirmóir, Co. na Gaillimhe, Rang a 4, Fighting Words Chonamara, 10/02/21
Bhí Leonardo ag fáil réidh le haghaidh scannán a dhéanamh agus tháinig draíodóir agus d’athraigh sé isteach ina mhadra é.
Nuair a d’athraigh sé isteach ina mhadra é bhí sé scanraithe faoi na billí a bhí aige agus nuair a chuaigh sé suas ar an stáitse rith sé síos.
Nuair a rith sé anuas den stáitse bhí chuile dhuine ag gáire faoi mar go mba madra a bhí ann. Bhí sé brónach agus rith sé abhaile ach chuaigh sé amú.
Chonaic sé Kate ansin ach níor aithin sí go mba é Leo a bhí ann.
Thosaigh Leo ag caint le Kate.
“Heileo, a Khate,” a dúirt Leo, ach ní raibh a fhios ag Kate cé a bhí ann.
“An bhfuil a fhios agamsa tusa?” a dúirt Kate.
“Tá ‘s,” a dúirt Leo agus dúirt sí, “Níl a fhios agamsa tusa!” agus shiúil sí uaidh.
Nuair a bhí sí ag siúl uaidh tháinig an draíodóir agus d’iompaigh sé isteach ina madra í.
Thosaigh Leo ag rith anonn go dtí Kate…