Rang 3,5,6, Scoil Cholmáin, Muigh-Inis, Carna, Co. na Gaillimhe, Fighting Words Chonamara, 21 Eanáir 2020.
Lá amháin, bhí Danny agus Páidí ag spraoi i gcistineach Danny. Bhí siad ag iarraidh ‘slime’ a dhéanamh.
Chuir siad bainne isteach ann in áit gliú agus rinne siad praiseach den áit.
Chuala siad Mamaí ag teacht anuas an staighre.
Nuair a chonaic sí an chistineach thosaigh sí ag béicíl.
“Danny, céard a rinne tú!?!”
“Sadhbh a rinne é,” a dúirt Danny agus rith siad amach an doras.
Ar an mbealach amach bhuail Danny a chloigeann ar an doras agus tharraing Páidí amach an doras é lena chos.
“’Bhfuil tú ceart go leor a Danny?” a duirt Páidí.
“Níl” a d’fhreagair Danny.
“Bhuel éirigh suas, tá airgead agam le haghaidh dul ag an siopa.”
Lig Danny osna as agus sheas sé suas..