Rasher Man agus an turas go Lanzarote

Rang a 3,4,5,6, Scoil Mhuire, Carna​, Fighting Words Chonamara, 16/01/2020

Maidin amháin chuaigh Rasher Man amach ag siúl. Bhí sé sásta mar go raibh an lá an-fhuar.

Bhí sé le castáil lena chara Wedgie Man i Pascal’s le haghaidh bricfeasta.

Nuair a bhí an bricfeasta ite acu, d’iarr Wedgie Man ar Rasher Man an raibh sé ag iarraidh dul go Lanzarote in éineacht leis ar laethanta saoire.

Bhí Rasher Man an-sásta mar bhí sé ag iarraidh dul go Lanzarote le píosa fada ach bhí faitíos air go bhfaigheadh sé dó gréine nó dó rasher ach dúirt sé go rachadh sé ann ar aon chuma.

Chuaigh sé ag an siopa agus cheannaigh sé éadaí speisialta sa gcaoi nach bhfaigheadh sé dó gréine.

Chuaigh Wedgie Man in éineacht leis ach ní raibh uaidh sin ach barra seacláide.

Ghlaoigh siad ar a gcara, Sparkles an tAonadharcach len iad a thabhairt go Lanzarote.

Bhí go leor meáchain curtha suas ag Wedgie Man agus bhí a bholg ag gobadh amach.

Bhí imní ar Sparkles nach mbeadh sí in ann iad a iompar.

Chaith siad stopadh sa Spáinn agus eitilt as sin go Lanzarote agus chuaigh Sparkles in éineacht leo...