Siiiu!!!

Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe,Rang a 6, Fighting Words Chonamara, 18 Samhain 2021

Lá amháin scóráil Lingardinho bicycle kick isteach ina ghoal féin.  Ní raibh a fhoireann sásta leis agus thosaigh siad ag scréachaíl air.  Fireáil an manager é.

Tháinig lacha isteach ar an bpáirc.  Thosaigh Lingardinho ag caoineadh mar gur thosaigh an lacha ag rith ina dhiaidh. 

Bhí a chara James Charles 123 ag breathnú air sa lucht féachana.

Nuair a bhí an cluiche thart chuaigh sé go dtí Day Care Siggurdsson lena ghasúr, Karen a phiocadh suas. 

Ach ní fhaca sé í mar gur thóg Siggurdsson í, agus bhí sí thíos san íoslach. Bhí Harley Damilio ag damhsa sa gcúinne.

Bhí Karen ag caoineadh, mar gur bhuail Harley Damilio í nuair a bhí sí ag damhsa.  Rinne sí in aon turas é, ach níor chuala Lingardinho tada mar go bhfuil sé bodhar.

Bhí Lingardinho an-bhrónach agus ghlaoigh sé ar na gardaí. Chuaigh siad síos san íoslach agus fuair siad Karen agus thug siad Siggurdsson leo go dtí an príosún.

Bhí Lingardinho an-sásta.  Dúirt sé nach dtabharfadh sé ar ais chuig an Day Care sin arís í.  Go tobann tháinig na lachain isteach…