Gaelscoil Pheig Sayers, Rang Cúig, County Cork, 19 January 2018
Uair amháin bhí buachaill ann agus an t-ainm a bhí air ná Joe.
Is breá leis Mars bars agus caithfidh sé dul go dtí an leithreas i gcónaí.
Tá Joe an-sceitimíneach agus an cara is fearr leis ná Néné an Cube.
An eagla is mó atá ar Joe ná go bhfuil tarantulas chun an plainéad Mars a thógáil.
“Dia dhuit” a dúirt Joe.
“Blblblblblbblblbblblblaablbaa” a dúirt Néné.
“Caithfidh mé níos mó cairde a fháil” a dúirt Joe.
“BLBLBLBLLBBBBLLLLLABABLABLBA!” a dúirt Néné go feargach.
“Ó níl, caithfidh mé dul go dtí an leithreas” arsa Joe.
Chuaigh Néné ina codladh ina bosca cártchlár. Sheinn sí an t-amhrán 'Man's not hot' mar go raibh fearg uirthi.
Ansin sheinn sí 'Say Something' mar go raibh brón uirthi agus ansin 'All by Myself' ina bosca.
Tháinig sé go dtí a theach agus bhí a Mhamaí ag an doras.
Duirt Joe “Teastaionn uaim dul go dtí Mars agus píosa den phlainéad a ithe ...b'fhéidir go dtiocfaidh caramel amach!”