Tiuc Tiuc, Peadar agus an Ribena Frusion

Scoil Naomh Ciarán, Cill Chiaráin​, Co. na Gaillimhe. Rang 3,5,6, Fighting Words Chonamara, 31/01/2020

Lá amháin bhí Rory amuigh ag traenáil ar an Astro i gCill Chiaráin.

Theastaigh uaidh Craobh na hÉireann a bhuachaint le Gaillimh agus bhí sé ag traenáil chuile lá le cúpla seachtain anuas.

Bhuaigh Deaide Rory Craobh na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh sa mbliain 1972.

Tá dhá pheata ag Rory, Peadar an mhuc agus Tiuc Tiuc an sicín agus nuair a bhí sé ag traenáil d’fhág sé sa mbaile leo féin iad.

D’oscail Peadar an cuisneoir agus thóg sé amach buidéal Ribena Frusion agus d’óladar é.

Ansin thit siad ina gcodladh agus nuair a dhúisigh siad bhí siad in ann caint.

Bhí glór an-ard ag Peadar agus glór an-íseal agus domhain ag Tiuc Tiuc.

Tagann Rory isteach agus feiceann sé an Ribena ólta.

Labhair Tiuc Tiuc.

“A Rory, d’ól muid do Ribena Frusion!”

“Bhí sé go hálainn,” arsa Peadar.

Thit Rory bocht as a sheasamh nuair a chuala sé an mhuc agus an sicín ag caint…