Troid faoi Eilifint

Rang a 6 Scoil Éinne​, An Spidéal​, Fighting Words Chonamara

Bhí Stanley an béar ina luí ar leaba ghréine i Jamaica, ag cuimhneamh ar Jessica an t-eilifint. Bhí sé ag iarraidh Jessica a ghoid ó Phat.

Ansin tháinig Pat isteach agus bhí sé trína chéile, mar bhí Daidí Jessica ag teacht le haghaidh an dinnéir.

Bhí Pat ag iarraidh ceist a chur ar athair Jessica an mbeadh cead aige Jessica a phósadh. Bhí sé trína chéile mar nach raibh a fhios aige cén chaoi le dinnéar ceart a dhéanamh.

Ní raibh Stanley ag iarraidh go mbeadh an dinnéar go deas.

D’inis Stanley do Phat cén chaoi le haghaidh caviar, lasagne agus garlic bread le duilleog órga a dhéanamh.

Tá Daidí Jessica saibhir agus tá Pat ag iarraidh dul i bhfeidhm air. Tá sé deacair athair Jessica a shásamh.

Arsa Pat le Stanley,

“Tá mé ag iarraidh Jessica a phósadh.”

“Ó, sin smaoineamh iontach,” a deir Stanley agus straois air.

“Ó, go raibh maith agat, cén chaoi a bhfiafróidh mé dá hathair é?” arsa Pat.

“Ba cheart dhuit rap a scríobh dó...”

Tosaíonn siad ag réiteach an dinnéir. Tá a fhios ag Stanley nach bhfuil athair Jessica in ann Hot Sauce a ithe, agus cuireann sé an Hot Sauce isteach sa lasagne...