An Turas chuig Saibhreas

Gaelscoil na Mí, Cill Dhéagláin, Co. na Mí, Rang a 4, Fighting Words Chonamara, 21/4/2021

Sa bhliain 1960 in Éirinn, bhí buachaill bó ann darbh ainm Jim.

Bhí Jim 25 bliain d’aois agus bhí sé sa siopa ag ceannach bróga agus hata nua mar ní raibh aige ach bríste. Bhí sé bocht.

Bhí sé ag taisteal gach áit ag lorg oibre mar bhí airgead ag teastáil uaidh.

Bhí sé ag siúl agus ansin chonaic sé rud éigin ag lonrú.

Chuaigh sé chomh fada leis an rud agus is meaisín ama a bhí ann.

Bhí fógra ar an meaisín ama. Bhí air airgead a fháil ón iasc órga le dul isteach sa meaisín ama.

Bhí loch in aice lena theach agus bhí air iasc órga lonrach  a fháil.

Bhí faitíos ar Jim roimh an iasc órga mar sin fuair sé a chara Daisy chun an t-iasc a fháil dó.

“Tá faitíos an domhain orm!” a dúirt Jim le Daisy. “An gcabhróidh tú liom?”

“Is féidir liom é a fháil duit má tá cead agam dul leat agus má thógann tú folctha mar tá tú an-salach!” a dúirt Daisy.

“Go raibh maith agat as ucht an moladh, is féidir leat teacht..!”